• Eolas d'fhostóirí

    Eolas d'fhostóirí

    Má theastaíonn uait daoine le cumas sa Ghaeilge a earcú nó ardú céime a thabhairt d’fhostaithe a mbeidh cúram orthu ó thaobh na teanga de, tá sé an-tábhachtach go mbeidh teacht agat ar chruthúnas cruinn, iontaofa maidir lena gcuid scileanna Gaeilge. Tugann córas scrúdaithe TEG léargas cuimsitheach ar na buanna agus laigí atá ag iarrthóirí maidir lena gcumas Gaeilge. Beidh foireann TEG sásta scrúduithe a réachtáil i d’ionad oibre féin lasmuigh de dhátaí oifigiúla scrúdaithe ach íosmhéid áirithe iarrthóirí a bheith ann. Déan teagmháil linn más mian leat bhur gcuid riachtanais a phlé.

    Cén tábhacht a bhaineann le scrúduithe TEG d'fhostóirí?

    Bíonn scileanna éagsúla teanga riachtanach do chineálacha éagsúla post. Mar shampla, bheadh scileanna labhartha an-tábhachtach don té atá ag obair mar fháilteoir ach níor ghá go mbeadh scileanna scríofa an duine seo ag ardleibhéal. Má tá tú ag lorg duine a bheidh in ann comhfhreagras scríofa a fhreagairt, beidh scileanna scríofa Gaeilge ar ardchaighdeán ag teastáil. Soláthraíonn scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge cáilíochtaí a dhearbhaíonn scileanna teanga ag cúig leibhéal éagsúla, ó bhonnleibhéal go hardleibhéal cumais. Nuair a thugann iarrthóirí faoi scrúdú de chuid TEG faigheann siad toradh iomlán chomh maith le briseadh síos ar na marcanna a ghnóthaigh siad sna scileanna éagsúla (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht agus labhairt). Cabhraíonn an t-eolas seo le fostóirí an duine leis na scileanna cuí a roghnú do phost nó d’ardú céime.

    Féach na scrúduithe samplacha ag na leibhéil éagsúla. Tabharfaidh an t-ábhar sin léiriú duit ar na rudaí is féidir le hiarrthóirí a dhéanamh sna scileanna difriúla agus an cumas a bhfuiltear ag súil leis sna scileanna sin.

    Bí i dteagmháil linn más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi scrúduithe TEG nó más mian leat go ndéanfaimis scrúduithe a chur ar fáil i d’áit oibre.