• Eolas d'Iarrthóirí

    Eolas d'iarrthóirí

    Sa chuid seo den suíomh, gheobhaidh iarrthóirí scrúdaithe, múinteoirí agus fostóirí eolas breise ar ghnéithe éagsúla de Scrúduithe TEG.  

    Iarrthóirí, an bhfuil ceisteanna agaibh faoi bhriseadh síos na marcanna, na huaireanta an chloig staidéir a mholtar ag na leibhéil éagsúla, cad a tharlaíonn ar laethanta na scrúduithe nó eile?  Téigh go dtí réimse na n-iarrthóirí ar dheis.

    Múinteoirí, an bhfuil ceisteanna agaibh maidir le hullmhú foghlaimeoirí fásta do Scrúduithe TEG, briseadh síos na marcanna, na scileanna a bhíonn ag foghlaimeoirí ag na leibhéil éagsúla nó eile? Tá agallaimh anseo le múinteoirí a mhúineann Siollabais TEG d’ fhoghlaimeoirí fásta.  Téigh go dtí Eolas do Mhúinteoirí.

    Múinteoirí meánscoile, tá go leor meánscoileanna ag baint úsáide as córas TEG lena gcuid daltaí sinsearacha. Cliceáil ar Eolas do Mheánscoileanna chun tuilleadh eolais a fháil agus chun éisteacht le múinteoirí ag caint faoina dtaithí ar an gcóras.  

    Fostóirí, tá buntáistí móra ag baint le cáilíochtaí TEG má tá tú ag earcú daoine le scileanna teanga ar leith nó ag iarraidh scileanna fostaithe reatha a fhorbairt. Féach ar réimse na bhfostóirí ar dheis.

    ​Cúrsaí Gaeilge: Féach ar an nasc Ionaid Teagaisc chun eolas a fháil faoi na heagraíochtaí in Éirinn agus thar lear a sholáthraíonn cúrsaí Gaeilge atá bunaithe ar Shiollabais TEG.