• Ceisteanna coitianta

    Ceisteanna coitianta

    Cén fáth a ndéanann daoine scrúduithe TEG?

    Is é TEG an chéad agus an t-aon chóras teastasaithe d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá sé á riar ag Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. Tá forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana. Tá leibhéil TEG bunaithe go ginearálta ar An Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001). Cabhraíonn an córas le foghlaimeoirí a gcuid staidéir a phleanáil, aitheantas a fháil as an dul chun cinn atá déanta acu agus líofacht a bhaint amach céim ar chéim.

    Buntáiste eile a bhaineann leis an chóras seo ná go dtugann sé cruthúnas d'fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist nó d'ardú céime. Tá tábhacht faoi leith leis seo ó tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm. Iarrann eagraíochtaí éagsúla in Éirinn anois cáilíocht de chuid TEG mar bhunriachtanas iontrála i gcás fostaithe nua, nó baineann siad úsáid as scrúduithe TEG chun cumas Gaeilge iarrthóirí ar phoist nó ar chúrsaí acadúla a mheas.

    Tá aitheantas oifigiúil faighte ag TEG freisin ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Sásaíonn TEG Meánleibhéal 2 (B2) na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais. Is deis iontach é seo do dhaoine ar mhaith leo dul le gairm na múinteoireachta nach bhfuil na riachtanais chuí iontrála acu do na coláistí oideachais, mar shampla, Gaeilge Ardleibhéal na hArdteistiméireachta. Murab ionann is siollabas agus scrúdú na hArdteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí foghlama. Ina chuideachta sin, ní mór d’iarrthóirí ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) ar a laghad 65% a bhaint amach i scrúdú cainte TEG Meánleibhéal 1 (B1) chun iarratas a dhéanamh ar an chlár sin. Tuilleadh eolais anseo.

    An dtiocfaidh aon athruithe ar na hionaid scrúdaithe nó ar an scrúdú féin de bharr Covid-19?

    Ó mhí Eanáir 2022, tá sé i gceist againn na scrúduithe scríofa a reáchtáil in Ollscoil Mhá Nuad agus in ionaid eile timpeall na tíre. Seans go reáchtálfar na scrúduithe cainte ar líne, ach déanfar na socruithe a dhearbhú roimh an scrúdú de réir treoracha agus rialacháin sláinte phoiblí. 

    Cén fáth a ndéanann daoine scrúduithe TEG?

    Is é TEG an chéad agus an t-aon chóras teastasaithe d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá sé á riar ag Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. Tá forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana. Tá leibhéil TEG bunaithe go ginearálta ar An Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001). Cabhraíonn an córas le foghlaimeoirí a gcuid staidéir a phleanáil agus aitheantas a fháil as an dul chun cinn atá déanta acu.

    Buntáiste eile a bhaineann leis an chóras seo ná go dtugann sé cruthúnas d'fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist nó d'ardú céime. Tá tábhacht faoi leith leis seo ó tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm. Iarrann eagraíochtaí éagsúla in Éirinn anois cáilíocht de chuid TEG mar bhunriachtanas iontrála i gcás fostaithe nua, nó baineann siad úsáid as scrúduithe TEG chun cumas Gaeilge iarrthóirí ar phoist, scéimeanna, gradaim nó cúrsaí a mheas.

    Tá aitheantas oifigiúil faighte ag TEG freisin ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Sásaíonn TEG Meánleibhéal 2 (B2) na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais. Is deis iontach é seo do dhaoine ar mhaith leo dul le gairm na múinteoireachta nach bhfuil na riachtanais chuí iontrála acu do na coláistí oideachais, mar shampla, Gaeilge Ardleibhéal na hArdteistiméireachta. Murab ionann is siollabas agus scrúdú na hArdteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí foghlama.

    Ina chuideachta sin, ní mór d’iarrthóirí ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) ar a laghad 65% a bhaint amach i scrúdú cainte TEG Meánleibhéal 1 (B1) chun iarratas a dhéanamh ar an chlár sin. Tuilleadh eolais anseo.

    I gcás iarrthóirí a bhfuil teastas seachas an Teastas Ardteistiméireachta acu, mar shampla an Dioplóma Idirnáisiúnta nó Baccalauréat na Fraince, agus a fuair bunoideachas agus iar-bhunoideachas i bPoblacht na hÉireann, sásóidh pas i Scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1) riachtanas na Gaeilge chun máithreánú.

    Tá na scrúduithe seo ag leibhéil éagsúla déanta ag iriseoirí, baill den Gharda Síochána, oibrithe réamhscolaíochta, múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, teagascóirí ollscoile, daoine atá ag iarraidh cur lena gcuid cáilíochtaí ar mhaithe le cúrsaí fostaíochta, daoine atá ag foghlaim na Gaeilge mar chaitheamh aimsire agus go leor daoine eile nach iad.

    Cén saghas scrúduithe iad scrúduithe TEG?

    Is scrúduithe ginearálta cumais iad scrúduithe TEG a léiríonn cén cumas teanga atá ag an iarrthóir.  Is féidir le hiarrthóirí scrúdú iomlán a dhéanamh (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht agus scrúdú cainte) agus Lánchreidiúint a bhaint amach, nó is féidir an scrúdú cainte amháin a dhéanamh agus Páirtchreidiúint a fháil.

    Cé air a bhfuil scrúduithe TEG dírithe?

    Is féidir le haon duine ceann ar bith de scrúduithe TEG a dhéanamh. Ní gá freastal ar aon chúrsa faoi leith. Níl aon teorainn aoise i gceist ach oiread.

    Tá cúig leibhéal scrúdaithe sa chóras, rud a fhágann go bhfuil scrúduithe ann d’fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais, ó ghlantosaitheoirí go cainteoirí líofa. Is féidir labhairt faoi Lánchreidiúint (léamh, scríobh, labhairt agus éisteacht) nó faoi Pháirtchreidiúint (scrúdú cainte amháin) ag na leibhéil sin uile.

    Tá na scrúduithe seo ag leibhéil éagsúla déanta ag iriseoirí, baill den Gharda Síochána, oibrithe réamhscolaíochta, múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, teagascóirí ollscoile, daoine atá ag iarraidh cur lena gcuid cáilíochtaí ar mhaithe le cúrsaí fostaíochta, daoine atá ag foghlaim na Gaeilge mar chaitheamh aimsire agus go leor daoine eile nach iad.

     

    Cá bhfuil TEG aitheanta?

    Tá aitheantas oifigiúil ag TEG ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Sásaíonn TEG Meánleibhéal 2 (B2) na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais. Is deis iontach é seo do dhaoine ar mhaith leo dul le gairm na múinteoireachta nach bhfuil na riachtanais chuí iontrála acu do na coláistí oideachais, mar shampla, Gaeilge Ardleibhéal na hArdteistiméireachta.

    Ina chuideachta sin, ní mór d’iarrthóirí ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) ar a laghad 65% a bhaint amach i scrúdú cainte TEG Meánleibhéal 1 (B1) chun iarratas a dhéanamh ar an chlár sin. Tuilleadh eolais anseo.

    I gcás iarrthóirí a bhfuil teastas seachas an Teastas Ardteistiméireachta acu, mar shampla an Dioplóma Idirnáisiúnta nó Baccalauréat na Fraince, agus a fuair bunoideachas agus iar-bhunoideachas i bPoblacht na hÉireann, sásóidh pas i Scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1) riachtanas na Gaeilge chun máithreánú.

    Tugann córas scrúduithe TEG cruthúnas d'fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist nó d'ardú céime. Tá tábhacht faoi leith leis seo ó tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm. Iarrann eagraíochtaí éagsúla in Éirinn anois cáilíocht de chuid TEG mar bhunriachtanas iontrála i gcás fostaithe nua, nó baineann siad úsáid as scrúduithe TEG chun cumas Gaeilge iarrthóirí ar phoist, scéimeanna, gradaim nó cúrsaí a mheas.

    An nglactar le TEG mar cheann de na riachtanais iontrála do chúrsaí iarchéime sa Bhunoideachas?

    Glactar. Tá Meánleibhéal 2 (B2) TEG aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Chomhairle Mhúinteoireachta agus na Coláistí Oideachais mar cheann de na cáilíochtaí Gaeilge a shásaíonn na riachtanais iontrála do chúrsaí iarchéime sa bhunoideachas. Ina chuideachta sin, ní mór d’iarrthóirí ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) ar a laghad 65% a bhaint amach i scrúdú cainte TEG Meánleibhéal 1 (B1) chun iarratas a dhéanamh ar an chlár sin. Tuilleadh eolais anseo.

    Cad atá i gceist le páirtchreidiúint?

    Is féidir le hiarrthóirí an scrúdú cainte amháin a dhéanamh. Léireofar ar theastais na n-iarrthóirí a n-éiríonn leo sa scrúdú cainte, na marcanna a bhain siad amach sa scrúdú cainte amháin.

    Cé chomh minic agus is féidir liom tabhairt faoi scrúdú de chuid TEG?

    Is faoin iarrthóir atá sé cá mhéad uair a thugann sé/sí faoi aon scrúdú ar leith. Nuair a ghnóthaíonn iarrthóirí marc a bhí cóngarach don phasmharc, is minic a dhéanann siad cinneadh tabhairt faoin scrúdú arís, a luaithe agus is féidir. Sa chás go bhfuil an marc a ghnóthaigh siad i scrúdú cuid mhaith faoin bpasmharc, seans gurbh fhiú d’iarrthóirí aiseolas a lorg ar an scrúdú sin. Sula dtugann siad faoin scrúdú arís, b’fhiú dóibh achar réasúnta ama a chaitheamh ag dul i ngleic leis an gcomhairle a cuireadh orthu san aiseolas. Ón taithí atá ag foireann TEG, ní de leas an iarrthóra é tabhairt faoin scrúdú céanna rómhinic in achar gairid ama – mar shampla, taobh istigh de bhliain amháin. Tá comhairle agus treoir ar fáil in Tuairisc an Phríomhscrúdaitheora. Tá ceann de na tuairiscí seo ann do gach leibhéal. 

    Conas a roghnóidh mé an leibhéal scrúdaithe is oiriúnaí dom féin?

    Is é an tslí is fearr le leibhéal a roghnú ná an cur síos ar na leibhéil éagsúla anseo a léamh go cúramach. Ansin, féach ar na páipéir shamplacha, rud a thabharfaidh tuairim mhaith duit maidir leis an chaighdeán atá i gceist. Tá freagraí ag dul le ceann amháin de na scrúduithe samplacha ag gach leibhéal. Bí cinnte agus triail a bhaint as na scrúduithe sin chun léargas níos fearr a fháil ar do chumas teanga sa chluastuiscint, sa léamhthuiscint agus i roinnt tascanna scríbhneoireachta. Ná déan dearmad triail a bhaint as na hábhair don scrúdú cainte chomh maith.

    Is fiú duit tabhairt faoi Thriail ar Líne TEG. Gheobhaidh tú tuairim ghinearálta ansin mar gheall ar an leibhéal ag a bhfuil tú mar fhoghlaimeoir Gaeilge.

    Má tá tú ag freastal ar chúrsa Gaeilge, cuirfidh do mhúinteoir comhairle ort faoin leibhéal is oiriúnaí duit agus faoi na buanna agus laigí atá agat, go háirithe maidir le labhairt agus scríobh na teanga. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann TEG má bhíonn tuilleadh comhairle uait. 

    An bhfuil comhairle nó leideanna ann maidir le scrúduithe TEG?

    Tá. Tá treoirfhíseán le fáil faoi Ábhar scrúdaithe ina bhfuil deich leid d’iarrthóirí a bheidh ag cur isteach ar scrúdú cainte de chuid TEG ag aon leibhéal. Chomh maith leis sin, tá cur síos ar leagan amach gach scrúdaithe le fáil sa siollabas a bhaineann leis an leibhéal sin. Tá dhá scrúdú shamplacha ar fáil ag gach leibhéal freisin, mar aon treoir agus moltaí breise i dTuairisc an Phríomhscrúdaitheora. Tá an t-ábhar sin uile le fáil sa rannóg Ábhar scrúdaithe.

    An gcaithfidh mé freastal ar chúrsa Gaeilge chun aon cheann de na scrúduithe a dhéanamh?

    Ní chaithfidh. Cé go bhfuil go leor eagraíochtaí a mhúineann Gaeilge in Éirinn agus thar lear ag baint úsáid as siollabais agus ábhar teagaisc TEG, ní gá freastal ar aon chúrsa faoi leith ná úsáid a bhaint as ábhar foghlama faoi leith le tabhairt faoi na scrúduithe. É sin ráite, is cinnte gur cabhair é freastal ar chúrsa a chuireann riachtanais na scrúduithe san áireamh.

    Tá eolas anseo maidir leis na hionaid oideachais a chuireann cúrsaí Gaeilge bunaithe ar shiollabais TEG ar fáil.

    Meabhraítear d’iarrthóirí go bhfuil sé an-tábhachtach go gcuirfeadh siad eolas maith ar an siollabas cuí agus ar an ábhar scrúdaithe cuí roimh dóibh tabhairt faoi aon cheann de chuid scrúduithe TEG.

    Cá mbíonn cúrsaí ullmhúcháin le haghaidh Scrúduithe TEG ar siúl?

    Tá eolas anseo maidir le hionaid teagaisc ina bhfuil cúrsaí Gaeilge ar fáil atá bunaithe ar shiollabais TEG.

    Cén áit a bhfuil cúrsaí Gaeilge bunaithe ar shiollabais TEG ar fáil?

    Tá eolas maidir leis na hionaid teagaisc a sholáthraíonn cúrsaí Gaeilge atá bunaithe ar shiollabais TEG ar fáil anseo.

    Cé mhéad uair an chloig staidéir is gá a dhéanamh chun bheith in ann tabhairt faoi na scrúduithe éagsúla?

    • Maidir le hiarrthóirí ar mian leo tabhairt faoi Bhonnleibhéal 1 (A1), moltar go mbeadh timpeall 80–100 uair an chloig caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga/ag freastal ar ranganna. Maidir leo siúd ar mhaith leo Bonnleibhéal 2 (A2) a dhéanamh, moltar go mbeadh 160–200 uair an chloig breise caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga/ag freastal ar ranganna.
    • Maidir le hiarrthóirí ar mian leo tabhairt faoi Mheánleibhéal 1 (B1), moltar go mbeadh timpeall 350–400 uair an chloig caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga/ag freastal ar ranganna sa mhullach ar an líon uaireanta staidéir a rinne siad ag na bonnleibhéil. Maidir leo siúd ar mhaith leo Meánleibhéal 2 (B2) a dhéanamh, moltar go mbeadh 500–600 uair an chloig breise caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga/ag freastal ar ranganna.
    • Maidir leo siúd ar mhaith leo Ardleibhéal 1 (C1) a dhéanamh, moltar go mbeadh timpeall 1,000 uair an chloig breise caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga/ag freastal ar ranganna.

    Is treoir é an tábla thíos maidir le líon na n-uaireanta atá ag teastáil chun caighdeán gach leibhéil a bhaint amach:
     

     
    Fráma Tagartha Uaireanta staidéir/foghlama Siollabas TEG
    A1 80-100 Bonnleibhéal 1 (A1)
    A2 +160-200 Bonnleibhéal 2 (A2)
    B1 +350-400 Meánleibhéal 1 (B1)
    B2 +500-600 Meánleibhéal 2 (B2)
    C1 +1,000 Ardleibhéal 1 (C1)
    C2 +1,500 Ardleibhéal 2 (C2)

    Cathain agus cén áit a mbíonn na scrúduithe ar siúl?

    Bíonn na scrúduithe ar siúl in iliomad áiteanna in Éirinn agus thar lear, ag brath ar éileamh, uair amháin sa bhliain: i mí Aibreáin nó i mí na Bealtaine, de ghnáth, i gcás Bhonnleibhéal 1 (A1), Bhonnleibhéal 2 (A2), Mheánleibhéal 1 (B1), Mheánleibhéal 2 (B2), agus i mí Eanáir i gcás Ardleibhéal 1 (C1). Cuirtear scrúduithe breise ag leibhéal B2 ar siúl i Lúnasa, de ghnáth, agus reáchtáiltear scrúduithe breise ag leibhéal A1 nó A2 in ionaid thar lear in amanna ag brath ar éileamh. Tá an t-eolas is déanaí faoi dhátaí scrúduithe le fáil anseo.

    Tabhair faoi deara go gcuirfear scrúdú ar ceal in aon ionad mura mbeidh íosmhéid 15 iarrthóir ann. Gheobhaidh tú scéala maidir leis an ionad a mbeidh an scrúdú ar siúl ann 10 lá roimh dháta an scrúdaithe féin. Moltar duit gan aon socruithe taistil/lóistín a dhéanamh go dtí go bhfuil an fógra sin faighte agat ó Lárionad na Gaeilge.

    Má tá grúpaí ag iarraidh an scrúdú cainte amháin a dhéanamh chun an pháirtchreidiúint a bhaint amach ag amanna eile sa bhliain in ionaid áitiúla, is féidir é seo a shocrú le Foireann TEG. Tabhair faoi deara go bhfuil íosmhéid 15 duine ag teastáil don socrú seo.

    Cén costas a bhaineann leis na scrúduithe?

    Tá gach eolas maidir le táillí TEG (lánchreidiúint agus páirtchreidiúint, táillí do dhaoine fásta agus do dhaltaí iar-bhunscoile) ar fáil anseo

    Cad iad na modhanna íocaíochta?

    Daoine fásta, is féidir clárú agus íoc ar líne. Tá tuilleadh eolais anseo.

    Daltaí iar-bhunscoile, ba cheart don mhúinteoir ranga glaoch ar Fhoireann TEG chun eolas a fháil faoi shocruithe íocaíochta do ghrúpaí scoile. Cuir ríomhphost chuig teanga@mu.ie nó glaoigh ar (01) 708 3737.

    Aisíocaíochtaí

    I gcás iarrthóirí a tharraingeoidh siar n-iarratas suas le 20 lá roimh dháta an scrúdaithe, féadann siad aisíocaíocht a iarraidh ar sciar de tháille an scrúdaithe sin (cf. ‘Má tá an táille scrúdaithe íoctha agam agus mura bhfuilim in ann an scrúdú a dhéanamh, an bhfaighidh mé an táille ar ais?’ thíos). Ní féidir aisíocaíocht a thabhairt d’iarrthóirí a tharraingeoidh siar a n-iarratas níos déanaí ná sin, seachas má chuireann siad teastas dochtúra ar fáil nó fianaise éigin eile a nglacfaidh Lárionad na Gaeilge leis. Ba chóir d’iarrthóirí Lárionad na Gaeilge a chur ar an eolas tríd an ríomhphost (teanga@mu.ie) sa chás gur mian leo a n-iarratas a tharraingt siar.

    Má tá an táille scrúdaithe íoctha agam agus mura bhfuilim in ann an scrúdú a dhéanamh, an bhfaighidh mé an táille ar ais?

    Má tharraingíonn iarrthóir siar níos mó ná 20 lá roimh an scrúdú, seo iad na coinníollacha atá i bhfeidhm maidir le haisíocaíochtaí:

    (i) Lánchreidiúint: gheobhaidh iarrthóir an táille ar ais lúide táille riaracháin €40

    (ii) Páirtchreidiúint: ní aisíocfar aon chuid den táille

    Má tharraingíonn iarrthóir siar in achar ama níos lú ná 20 lá roimh an scrúdú, ní aisíocfar aon chuid den táille scrúdaithe ach amháin i gcás iarrthóirí a chuireann teastas dochtúra bailí ar fáil.

    Cad é mar is féidir liom clárú do cheann de na scrúduithe?

    Tá gach eolas maidir le clárú ar fáil anseo.

    Chláraigh mé do scrúdú TEG ach níor chuala mé ó Oifig TEG. Cad a dhéanfaidh mé?

    Ba cheart go mbeadh freagra uathoibritheach faighte agat díreach tar éis duit clárú don scrúdu.  Sa teachtaireacht sin, tá an uimhir idirbhirt agus admháil don táille a d’íoc tú.  Mura bhfuair tú seo, cuir ríomhphost chuig teanga@mu.ie láithreach.  Má tá sé seo faighte agat, ba cheart go bhfaighfeá an t-eolas faoi do scrúdú ar ríomhphost 10 -14 lá roimh an scrúdú. 

    An féidir liom rannóga éagsúla sa scrúdú a dhéanamh ag amanna faoi leith?

    Is féidir le foghlaimeoirí Gaeilge páirtchreidiúint a fháil i labhairt na teanga sna leibhéil ar fad. Má éiríonn le hiarrthóirí sa scrúdú cainte, gheobhaidh siad teastas a léiríonn an cumas atá acu sa Ghaeilge labhartha. Léireofar go soiléir na marcanna a bhain an t-iarrthóir amach sa scrúdú cainte. Beidh sé soiléir ar an teastas chomh maith nach teastas iomlán de chuid TEG atá ann agus nár tástáladh ach cumas labhartha an iarrthóra.

    Is féidir le hiarrthóirí a fhaigheann an pháirtchreidiúint (an scrúdú cainte) ag Ardleibhéal 1 (C1) amháin, an cháilíocht iomlán a fháil gan an scrúdú cainte a dhéanamh arís má thugann siad faoin chuid eile den scrúdú taobh istigh de dhá bhliain. Mar shampla, má éiríonn le hiarrthóir an pháirtchreidiúint i Scrúdú Cainte Ardleibhéal 1 (C1) a fháil aon am in 2021 beidh aige/aici go dtí deireadh 2023 leis na codanna eile den scrúdú ag an leibhéal sin (Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríobh agus Úsáid na Gaeilge)* a dhéanamh chun an chreidiúint iomlán a bhaint amach.

    I gcás Bhonnleibhéal 1 (A1) go Meánleibhéal 2 (B2), beidh ar iarrthóirí tabhairt faoi gach gné den scrúdú in aon seisiún amháin le creidiúint iomlán a bhaint amach.

    *Cuimhnigh go gcaithfear tabhairt faoi na codanna seo ar fad in aon seisiún amháin agus gur uair amháin in aghaidh na bliana a bhíonn na scrúduithe iomlána ar siúl de ghnáth.

    An bhfuil cead ag daltaí scoile aonair atá faoi 18 mbliana cur isteach ar scrúduithe TEG?

    Tá. I gcás iarrthóirí atá faoi bhun 18 mbliana agus nach mbeidh ag tabhairt faoi scrúdú TEG ina scoil féin nó i gcás na n-iarrthóirí  faoi 18 mbliana a bhfuil éagumas orthu i dtaca leis an scríobh, iarrtar orthu an fhoirm cheadaithe seo, sínithe ag tuismitheoir/caomhnóir, a sheoladh chuig teanga@mu.ie  ar a mhoille seachtain tar éis spriocdháta cláraithe an scrúdaithe.

    An féidir scrúduithe a dhéanamh lasmuigh de na dátaí oifigiúla?

    Scrúdú cainte: Má tá iarrthóirí ag iarraidh an scrúdú cainte amháin a dhéanamh, is féidir leo é a dhéanamh ag amanna eile sa bhliain in ionaid áitiúla ach é seo a shocrú le Foireann TEG. Tabhair faoi deara go bhfuil íosmhéid 15 duine ag teastáil don socrú seo.

    Scrúdú scríofa: Go ginearálta, ní chuirtear scrúduithe scríofa ar siúl lasmuigh de dhátaí oifigiúla TEG ach má bhaineann tú le heagraíocht ina bhfuil níos mó ná 15 iarrthóir le cur faoi scrúdú (leibhéal amháin), téigh i dteagmháil le Foireann TEG agus déanfar iarracht do chuid riachtanas a shásamh.

    Scrúduithe teanga le haghaidh poist nó ceapacháin: Más mian leat scrúdú nó triail inniúlachta teanga a eagrú i d’eagraíocht le haghaidh comórtas earcaíochta nó a leithéid, déan teagmháil le Foireann TEG agus déanfar iarracht freastal ort.

    Cad ba cheart dom a dhéanamh roimh an scrúdú?

    Ba cheart go mbeadh d’uimhir scrúdaithe agus an t-eolas praiticiúil ar fad faighte agat 10 lá roimh dháta an scrúdaithe. Mura bhfuil sé faighte agat déan teagmháil le Lárionad na Gaeilge: (01) 7083737 / teanga@mu.ie.

    • Déan cinnte go bhfuil tú eolach ar na nithe seo a leanas:
    • am, dáta agus ionad an scrúdaithe/na scrúduithe
    • an siollabas cuí
    • leagan amach an pháipéir scrúdaithe agus na rannóga éagsúla sa pháipéar
    • céatadán na marcanna atá ag dul do gach rannóg
    • na cineálacha ceisteanna agus tascanna a bhíonn i ngach rannóg
    • na treoracha a bhaineann leis an scrúdú cainte
    • na rannóga éagsúla sa scrúdú cainte

    ​Gheobhaidh tú an t-eolas seo ar fad sa rannóg Maidir le Scrúduithe.

    Cad a tharlaíonn lá an scrúdaithe?

    Roimh an scrúdú: Déan cinnte go mbeidh go leor ama agat leis an ionad scrúdaithe a bhaint amach. Ba cheart go mbeifeá ag an ionad ar a laghad 15 nóiméad roimh thús an scrúdaithe. Cuirfear léarscáil ar fáil duit, ach cuimhnigh má tá sé i gceist agat an scrúdú a dhéanamh i Má Nuad gur áit mhór í an ollscoil agus go dtógfaidh sé tamall ort áit pháirceála a aimsiú agus an halla scrúdaithe a bhaint amach. Pé ionad ina mbeidh tú, beidh feitheoir de chuid TEG ann le fáilte a chur romhat, agus le tú a chlárú agus a threorú.

    Cuimhnigh ar na nithe seo ar lá an scrúdaithe:

    Bí in am. Ní scaoilfear isteach iarrthóirí a bheidh déanach mar go gcuirfeadh sé sin as do dhaoine eile a bheidh i mbun an scrúdaithe.

    Bíodh cruthúnas céannachta leat a mbeidh do phictiúr air. Glacfar le pas bailí, le ceadúnas tiomána nó le cárta aitheantais náisiúnta bailí. Mura mbeidh cruthúnas céannacht inghlactha agat lá an scrúdaithe, ní cheadófar duit an scrúdú a dhéanamh.

    Ná déan dearmad den uimhir scrúdaithe a cuireadh chugat. Beidh ort í a scríobh ar an pháipéar scrúdaithe.

    Bíodh pinn leat le haghaidh an scrúdaithe scríofa.

    Cuimhnigh freisin nach gceadaítear gutháin phóca ná ábhar tagartha ar bith (e.g. foclóirí, nótaí) in aon cheann de chuid scrúduithe TEG. Cuirfidh TEG spás sábháilte ar fáil d’iarrthóirí sa seomra/halla scrúdaithe le haghaidh ábhar pearsanta (e.g. málaí, cótaí, gutháin phóca). Ba cheart fóin phóca a mhúchadh ar fad roimh scrúduithe – ní leor an fhuaim a chasadh as.

    An scrúdú scríofa – cad a tharlóidh sa halla scrúdaithe?

    Tabharfaidh an feitheoir treoir chuimsitheach d’iarrthóirí ag tús an scrúdaithe. Bíodh sin mar atá, tá liosta ginearálta thíos de nithe tábhachtacha a bhaineann le lá an scrúdaithe le cabhrú leat a bheith ullamh.

    Beidh spás sábháilte sa halla le haghaidh ábhar pearsanta. Beidh ort málaí agus cótaí móra a fhágáil ansin ag tús an scrúdaithe chomh maith le do ghuthán póca (múchta).

    Déanfaidh feitheoir do chruthúnas aitheantais a sheiceáil agus inseoidh sé/sí duit cá bhfuil do shuíochán.

    Cuimhnigh nach gceadaítear aon leabhar, aon fhoclóir ná aon pháipéar a thabhairt isteach sa halla scrúdaithe. Beidh ort gach freagra a scríobh sa leabhar freagraí a chuirfear ar fáil. Cuirfear páipéar garbh agus pinn bhreise ar fáil, más gá.

    Éist go cúramach le cibé treoracha a thabharfaidh na feitheoirí.

    Beidh feitheoirí ar fáil má bhíonn ceisteanna ag iarrthóirí, nó más gá dóibh an halla a fhágáil ar aon chúis le linn scrúdaithe. Ba chóir d’iarrthóirí lámh a chur in airde má bhíonn ceist acu nó más mian leo iarratas dá leithéid a dhéanamh.

    Is féidir le hiarrthóirí iarraidh ar an fheitheoir na treoracha ag tús an scrúdaithe a rá arís agus ní chaillfidh siad marcanna as sin a dhéanamh. É sin ráite, ar mhaithe le cothromaíocht, ní féidir leis an fheitheoir aon eolas breise a thabhairt seachas na treoracha a athrá.

    Beidh clog sa halla scrúdaithe agus tabharfaidh an feitheoir fógra d’iarrthóirí ó am go ham maidir leis an méid ama a bheidh fágtha sa scrúdú, e.g. nuair a bheidh 60/30/10 nóiméad fágtha.

    Beidh cead ag iarrthóirí a chríochnaíonn an scrúdú luath an halla scrúdaithe a fhágáil aon am ó dheireadh an scrúdaithe éisteachta go dtí leathuair an chloig roimh dheireadh an scrúdaithe iomláin. Ní bheidh cead ag aon iarrthóir an halla scrúdaithe a fhágáil le linn na trialach cluastuisceana ná i leathuair dheireanach an scrúdaithe.

    Beidh feitheoir i do chuideachta má bhíonn ort dul go dtí an leithreas le linn an scrúdaithe.

    Nuair a bheidh an scrúdú críochnaithe, déan cinnte go mbeidh d'uimhir scrúdaithe scríofa ar gach leabhar freagraí a thabharfaidh tú do na feitheoirí. Fan i do shuíochán go mbeidh gach rud bailithe ag na feitheoirí.

    Baileoidh feitheoir an t-ábhar scrúdaithe uile (lena n-áirítear nótaí garbha) ag deireadh an scrúdaithe. Ní ceadmhach d’iarrthóirí aon chuid den ábhar scrúdaithe a thabhairt amach as an ionad scrúdaithe.

    Ní ceadmhach d’iarrthóirí aon chuid d’ábhar scrúdaithe TEG a chóipeáil, a thaifeadadh, a roinnt ná a dháileadh ar aon slí. Sa chás go bhfaightear amach gur chóipeáil, gur thaifead, gur roinn nó gur dháil iarrthóir ábhar scrúdaithe ar aon slí, d’fhéadfaí cás dlí a thabhairt i gcoinne an iarrthóra sin.

    Treoir maidir leis an scrúdú scríofa

    Léigh gach ceist, agus na treoracha a théann le gach ceist, go cúramach.

    Bí cinnte go leanfaidh tú na treoracha sin. Mar shampla, má deirtear tic a chur i mbosca amháin, cuimhnigh nach mbronnfar aon mharcanna má chuireann tú tic in dhá bhosca nó níos mó. Má deirtear nár cheart ach focal amháin a scríobh mar fhreagra nó focal amháin a scríobh i mbearna, ba cheart duit cloí leis an treoir sin. Tá an chontúirt ann go gcaillfidh tú marcanna mura gcloífidh tú leis na treoracha a bheidh leagtha síos.

    Má bhíonn píosa le scríobh, cloígh leis an teorainn focal a leagfar síos.

    Tabhair aird faoi leith ar an pheannaireacht le linn an scrúdaithe. Tá sé tábhachtach go mbeidh an scrúdaitheoir in ann do chuid freagraí a léamh gan stró chun go mbeidh sé/sí in ann caitheamh go cothrom leat.

    Déan cúram faoi leith den litriú agus go háirithe de na nithe seo a leanas: síntí fada, lánstadanna agus ceannlitreacha.

    Treoracha don scrúdú cainte

    Déan cinnte go mbeidh a fhios agat cá mbeidh an scrúdú cainte ar siúl agus go mbeidh tú ann in am.

    Beidh d'uimhir scrúdaithe agus do chruthúnas aitheantais ag teastáil uait.

    Seiceáil na treoracha don scrúdú cainte agus bí cinnte go dtuigeann tú leagan amach an scrúdaithe. Do scrúduithe Bhonnleibhéal 1 (A1) agus Bhonnleibhéal 2 (A2) is gá don iarrthóir a bheith i láthair 5 nóiméad roimh ré chun ullmhú don rólimirt.

    Cuimhnigh go ndéanfar an scrúdú cainte a thaifeadadh.

    Nóta tábhachtach

    Tá sé fíorthábhachtach go gcloífeadh gach iarrthóir leis na rialacháin agus leis na nósanna imeachta a bhaineann leis na scrúduithe. Sa chás nach gcloíonn iarrthóir leis na rialacháin nó na nósanna imeachta, féadann TEG gan scrúdú an iarrthóra sin a mheas. Sa chás sin, ní chuirfear aon toradh ar fáil don iarrthóir.

    Cad é is féidir le hiarrthóirí a dhéanamh mura dtuigeann siad na treoracha a thugtar ag tús an scrúdaithe nó sa scrúdú cainte?

    Is féidir le hiarrthóirí iarraidh ar an scrúdaitheoir na treoracha a rá arís agus ní chaillfidh siad marcanna as sin a dhéanamh. Sin ráite, ar mhaithe le cothromaíocht, ní féidir leis an scrúdaitheoir aon eolas breise a thabhairt seachas na treoracha a athrá. 

    An féidir foclóirí a úsáid sna scrúduithe?

    Ní féidir foclóirí a úsáid in aon cheann de na scrúduithe. Bíonn ceisteanna sna scrúduithe a dhéanann tástáil ar thuiscint na n-iarrthóirí ar fhocail agus ar fhrásaí faoi leith agus an chaoi ina n-úsáidtear iad. 

    An gcaillfidh iarrthóirí marcanna má bhíonn focail litrithe mícheart acu sa scrúdú cluastuisceana?

    Ag na bonnleibhéil, Bonnleibhéal 1 (A1) agus Bonnleibhéal 2 (A2), glactar leis nach mbeidh an litriú iomlán ceart ag iarrthóirí i gcónaí. Mar sin, glacfar leis an litriú más féidir a aithint cad é atá ann, mar shampla, 'diardain' in ionad 'Déardaoin'. Má tharlaíonn sé go ndéantar focal faoi leith a litriú amach os ard ar an taifeadadh, beifear ag súil leis go mbeidh an litriú i gceart ag iarrthóirí.

    Ag na leibhéil eile, ní chaillfidh iarrthóirí marcanna as botúin litrithe chomh fada agus atá an méid a scríobhann siad sothuigthe agus soiléir do na scrúdaitheoirí.

    Is iarrthóir faoi mhíchumas mé. An féidir liom scrúdú TEG a dhéanamh?

    Tá polasaí ag Lárionad na Gaeilge réimse tacaíochtaí a chur ar fáil lena chinntiú go mbeidh rochtain iomlán ar scrúduithe TEG ag iarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil deacrachtaí foghlama faoi leith acu, agus cuirtear na tacaíochtaí agus socruithe réasúnacha ar fáil nuair is gá. Ní mór d’iarrthóirí a bhfuil míchumas/deacracht foghlama acu fianaise de seo a chur ar fáil do Lárionad na Gaeilge ag am cláraithe.Má tá tú ag déanamh scrúdú TEG mar chuid de phróiseas iarratais do chúrsa acadúil faoi leith, is gá duit teagmháil a dhéanamh leis an institiúid sin chun soiléiriú a fháil maidir leis na critéir iontrála atá acu. Is faoin iarrthóir atá sé a chinntiú go sásaíonn sé/sí cibé critéir atá leagtha síos ag an institiúid maidir le díolúintí. Más mian leat do chuid riachtanas a phlé, dean teagmháil linn ar (01) 708 3737 nó cuir ríomhphost chuig teanga@mu.ie.

     

     

    An gcaithfidh mé pas a fháil i ngach cuid den scrúdú chun pas a fháil?

    Ní chaithfidh. Cé go dtugtar eolas d'iarrthóírí maidir leis na marcanna a ghnóthaigh siad i ngach rannóg den scrúdú, cuirtear na marcanna sin le chéile chun an marc agus an grád iomlán a fháil. Mar sin, ag brath ar na marcanna, d’fhéadfadh iarrthóir teip a fháil i rannóg nó dhó agus pas a fháil sa scrúdú iomlán. Má éiríonn le hiarrthóirí sa scrúdú, bronnfar teastas orthu de réir na ngrád thíos.
     

    Bonnleibhéal 1 (A1) Bonnleibhéal 2 (A2)
    50 - 64% Pas 50 - 64% Pas
    65 - 79% Pas le Tuillteanas 65 - 79% Pas le Tuillteanas
    80 - 100% Pas le Gradam 80 - 100% Pas le Gradam

     

    Meánleibhéal 1 (B1) Meánleibhéal 2 (B2)
    50 - 64% Pas 50 - 64% Pas
    65 - 79% Pas le Tuillteanas 65 - 79% Pas le Tuillteanas
    80 - 100% Pas le Gradam 80 - 100% Pas le Gradam

     

    Ardleibhéal 1 (C1)
    60 % Pas*
    80 - 100% Pas le Gradam
    *Caithfidh iarrthóirí íosmharc 10% (as 20%) a fháil i ngach rannóg sa scrúdú le bheith i dteideal pas a fháil sa scrúdú iomlán. Féach Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1) le tuilleadh eolais a fháil.

    Cad é an pasmharc?

    Is é 50% an pasmharc ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go Meánleibhéal 2 (B2), agus is é 60% an pasmharc ag Ardleibhéal 1 (C1). 

    Bronnfar na gráid seo a leanas sna scrúduithe ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go Meánleibhéal 2 (B2): 

    50-64% Pas 
    65-79% Pas le Tuillteanas 
    80-100% Pas le Gradam 

    Gheobhaidh iarrthóirí cur síos ar an teastas ar na marcanna a fuair siad sna rannóga ar fad: Cluastuiscint, Léamhthuiscint, Labhairt agus Scríobh.  

    Ardleibhéal 1 (C1)

    60% Pas *
    80-100% Pas le Gradam
    *Caithfidh iarrthóirí íosmharc 10% (as 20%) a fháil i ngach rannóg sa scrúdú le bheith i dteideal pas a fháil sa scrúdú iomlán. Féach Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1) le tuilleadh eolais a fháil.

    Níl mé sásta leis an ghrád atá faighte agam, nó tá ceist agam mar gheall ar an ghrád nó an chaoi ar éirigh liom. Cad is féidir liom a dhéanamh?

    I gcás iarrthóirí atá míshásta leis an ghrád atá faighte acu i scrúdú de chuid TEG, nó a bhfuil ceisteanna acu faoin ghrád sin, tá na roghanna seo a leanas acu:

    • Achomharc
    • Aiseolas Breise

    Tá gach eolas faoi na próisis sin (lena n-áirítear eolas faoi tháillí agus foirmeacha iarratais) le fáil anseo.

     

     

    An gcaithfidh iarrthóirí scrúdú Bhonnleibhéal 1 (A1) a dhéanamh sula ndéanfaidh siad scrúdú Bonnleibhéal 2 (A2)?

    Is féidir le hiarrthóirí aon cheann de scrúduithe TEG a dhéanamh. Seasann gach scrúdú leis féin agus is faoin iarrthóir atá sé an scrúdú is oiriúnaí dó/di féin a roghnú. Labhair le do mhúinteoir nó le Foireann TEG chun comhairle a fháil faoin leibhéal is fearr duit.

    Gheobhaidh tú treoir ó na siollabais agus ó na hábhair scrúdaithe shamplacha.

    Is fiú duit triail a bhaint as Triail ar Líne TEG chun barúil ghinearálta a fháil faoin chaighdeán atá agat sa teanga.

    An bhfuil aon teorainn maidir le haois na n-iarrthóirí?

    Níl aon teorainn aoise i gceist d'iarrthóirí ar mhaith leo aon cheann de scrúduithe TEG a dhéanamh. É sin ráite, tá na téacsanna agus na tascanna dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta den chuid is mó.

    Tá comhairle ghinearálta do mhúinteoirí iar-bhunscoile maidir leis an ábhar a chur in oiriúint do dhaltaí iar-bhunscoile anseo.

    Cén fhad a bhíonn cáilíocht/teastas TEG bailí?

    Agus tú ag cur isteach ar phost nó ar chúrsa, is féidir go socródh eagraíocht/institiúid nach bhfuil do cháilíocht bailí a thuilleadh tar éis tréimhse ar leith agus go gcaithfidh tú tabhairt faoin scrúdú arís,  i ndiaidh dhá bhliain, mar shampla. Déantar é seo ar eagla nach bhfuair an duine deis an teanga a chleachtadh ó bronnadh an teastas agus go mbeadh dearmad déanta aige/aici ar chuid de na struchtúir, den fhoclóir, etc. Is fearr cinntiú leis an eagraíocht/institiúid i gcónaí go bhfuil do theastas bailí go fóill. 

    Má tá ceisteanna eile agam?

    Cuir ríomhphost chuig teg@mu.ie nó glaoch ar (01) 708 3737.